Donegal County Council Logo
Home > Your Council > Communications Office > Press Releases > An chéad 12 tograí ceadaithe ag Údarás na Gaeltach

19/12/17 An chéad 12 tograí ceadaithe ag Údarás na Gaeltachta faoi Chlár LEADER

Udaras na Gaeltachta

 

Tá tacaíocht deontais de luach €113,276 in iomláine ceadaithe ag Údarás na Gaeltachta do 12 togra faoi Chlár LEADER i nGaeltacht Dhún na nGall.

 

Tá an sraith deontais ceadaithe do ghrúpaí éagsúla agus daoine aonair agus tá suas go 75% de chostas na dtograí ceadaithe faoin gClár LEADER. Nuair a chuirtear an sciar áitiúil san áireamh beidh infheistíocht iomlán de €154,726 i gceist agus cuirfear feabhas ar áiseanna pobail, áiseanna spóirt agus caitheamh aimsire i bhformhór na dtograí.

 

Is iad seo na chéad tograí atá ag staid comhaontaithe.  Tá súil ag Údarás na Gaeltachta go mbeifear in ann roinnt tograí eile atá sa phíblíne, ina bhfuil infheistíocht shuntasach á plé, a thabhairt chun críche go luath sa mbliain nua.

 

Tá Údarás na Gaeltachta ar cheann de cheithre comhpháirtí faoi Choiste Forbartha Pobail Áitiúil (LCDC) Dhún na nGall atá freagrach ar son an Grúpa Forbartha Áitiúil (LAG) as riaradh agus feidhmiú Chlár LEADER i nGaeltacht Dhún na nGall (seachas ar na hoileáin Ghaeltachta atá faoi chúram Chomhar na nOileán).

 

Dúirt Príomhfheidhmeananch an Údaráis, Micheál Ó hÉanaigh go bhfuil suim mhór léirithe ag pobal na Gaeltachta i gClár LEADER go dáta agus go bhfuil súil aige go dtiocfaidh líon suntasach tograí Gaeltachta chun méadaíochta le linn tréimhse fheidhme an Chláir. “Cuireann sé ríméad orainn a bheith in ann an tacaíocht seo faoin gClár LEADER a fhógairt do phobail i nGaeltacht Dhún na nGall.

Cabhróidh an maoiniú seo le feabhas a chuir ar na háiseanna agus na deiseanna atá ar fáil inár bpobail Ghaeltachta d’fhonn feabhas a chuir ar chaighdeán maireachtála an phobail trí chéile agus don aos óg ach go háirithe. Táimid sásta freisin a bheith in ann oibriú as lámh a chéile leis an nGrúpa Forbartha Áitiúil (LAG) i gcomhar le Comhairle Chontae Dhún na nGall i bhfeidhmiú Chlár LEADER.”

 

Tá Clár LEADER oscailte do ghrúpaí deonacha, do dhaoine aonair, tionscnaimh phríobháideacha agus pobail, agus fiontair bheaga agus mheánmhéide. Tá an Clár dírithe ar thionscadail arb é a n-aidhm caighdeán maireachtála agus deiseanna eacnamaíochta a chur chun cinn ar mhaithe le leas bhunadh nó phobal Ghaeltacht Dhún na nGall faoi chreatlach an Straitéise Forbartha Áitiúla atá faofa. Is féidir tuilleadh eolais ar an gClár a fháil agus foirm léirithe spéis ag www.udaras.ie.

 

Seo a leanas liosta de na tograí ar ceadaíodh maoiniú dóibh bunaithe ar théamaí an Chláir:

 

Eagraíocht

Tacaíocht LEADER

Togra

Club Gleacaíochta Ghaoth Dobhair

€8,200

Trealamh Gleacaíochta

Áislann Chill Chartha CTR

€5,084

Córas fuaime a insealbhú i halla spóirt

Buíon Ceoil Crickamore

€3,620

Uirlisí / Éidiú Ceoil

Comhlacht Forbartha an Tearmainn CTR

€8,114

Trealamh Ríomhaireachta & Leathanbhanda

Forbairt Dhún Lúiche

€10,000

Athchóiriú ar an Urlár in Ionad Pobail

Coiste Forbartha Dhobhair CTR

€14,045

Athchóiriú ar an Urlár in Ionad Pobail

Shaun Friel

€16,790

Staidéar Féidearthachta

Coiste Halla Naomh Bríde

€14,681

Cistin úr

Machaire le Cheile CLG

€11,606

Trealamh Súgartha

Guth na Rosann CTR

€4,205

Trealamh Craoltóireachta (Raidió áitiúil)

Coiste Cairde Bhun an Inbhir

€14,258

Athchóiriú ar choláiste Bhun an Inbhir

Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair Teo.

€2,673

Cistin úr & Cathaoireacha

Iomlán

€113,276

 

 

 

 

 

Údarás na Gaeltachta has approved grant support totalling €113,276 in total for 12 projects in the Donegal Gaeltacht under the LEADER Programme.

 

This series of grants has been approved for groups and individuals where up to 75% of the project costs are granted under LEADER funding. When the local contribution is taken into account the investment will total €154,726 and most projects consist of upgrading of public amenities and sports and recreational amenities.

 

These are the first projects that have reached the approval stage. Údarás na Gaeltachta hope to be in a position to bring other projects that are in the pipeline, for which considerable investment is being discussed, to fruition early next year.

 

Údarás na Gaeltachta is one of four partnerships in Donegal’s Local Community Development Committee that are responsible for the Local Action Group which administers and animates the LEADER programme in Donegal’s Gaeltacht (apart from the Gaeltacht islands which are overseen by Comhar na nOileán).

 

Údarás na Gaeltachta’s chief-executive, Micheál Ó hÉanaigh, said that the Gaeltacht community has expressed a lot of interest in the LEADER programme to date and that he hopes Gaeltacht projects will flourish during the programme.

“It gives us great satisfaction to be able to announce this funding through the LEADER programme for communities in the Donegal Gaeltacht.

This funding will help to improve the amenities and opportunities available in our Gaeltacht communities with the aim of improving the living standards of the community throughout and especially for the younger generation. We are happy to work hand in hand with the Local Action Group in conjunction with Donegal County Council to implement the LEADER programme.”

 

LEADER is a funding initiative open to all, from community and voluntary groups to private individuals, private and community projects, and small and medium enterprises. LEADER can offer grant aid and support to projects aiming to promote the quality of life and economic opportunities in the Donegal Gaeltacht within the framework of the approved Local Development Strategy. Additional information can be found as well as expression of interest form can be found at www.udaras.ie.

 

Here is a list of projects who received funding based on the terms of the Programme:

 

Organisation

LEADER funding

Project

Club Gleacaíochta Ghaoth Dobhair

€8,200

Gymnastic equipment

Áislann Chill Chartha CTR

€5,084

Installation of a sound system in a sports hall

Buíon Ceoil Crickamore

€3,620

Musical instruments/uniforms

Comhlacht Forbartha an Tearmainn CTR

€8,114

Computer & Broadband Equipment

Forbairt Dhún Lúiche

€10,000

Refurbishment of the floor in a community centre

Coiste Forbartha Dhobhair CTR

€14,045

Refurbishment of the floor in a community centre

Shaun Friel

€16,790

Feasibility Study

Coiste Halla Naomh Bríde

€14,681

New kitchen

Machaire le Cheile CLG

€11,606

Play equipment

Guth na Rosann CTR

€4,205

Broadcast equipment (Local radio)

Coiste Cairde Bhun an Inbhir

€14,258

Renovation of Bun an Inbhir college

Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair Teo.

€2,673

New kitchen & chairs

Total

€113,276

 

 

Rate this Page

Select an option below

Map Services

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO